BASIS: Business Access to State Information and Services An Irish eGovernment Initiative.
     
Abhaile Faoi BASIS Déan Teágmhail linn Aiseolais Naisc Mapa an tSuímh Nuashonraí


Chun cur síos a cheilt

Cúrsaí Dlí agus Rialaitheacha

Baineann an Teagmhas seo le riachtanais dlíthiúla agus comhlíonta a chaithfidh gnólachtaí in Éirinn a chomhlíonadh ionas gur féidir leo trádáil a dhéanamh. I measc na dtopaicí a chlúdaítear tá bunú agus clárú comhlachta, riachtanais dlí comhlachta, ceadúnais agus reachtaíocht chomórtais.



  • Comhlacht a Bhunú agus a Chlárú
    Baineann an rannóg seo lena bhfuil i gceist le comhlacht a bhunú. Ina measc tá na cineálacha comhlachtaí atá ar fáil, dualgais an eolais atá ar chomhlachtaí agus athruithe structúir a thaifead.


  • Riachtanais Dleathúla Comhlachta
    Pléann an chuid seo riachtanais chomhlíonta comhlachtaí mar atá leagtha síos in Achtanna na gCuideachtaí, dualgais stiúrthóirí, tuairiscí bliantúla, agus iniúchóirí san áireamh. Tugtar forbhreathnú ar an ról atá ag an nGrúpa Athbhreithnithe Dlí Comhlachtaí (CLRG) freisin.


  • Cearta Fostaíochta agus Cosaint Sonraí
    Tá cur síos sa rannóg seo ar na príomhcheisteanna a bhaineann leis an Reachtaíocht Fostaíochta. Tá réimse ábhar pléite idir Chearta agus Conarthaí, Caidrimh Oibreachais, Deireadh a chur le Fostaíocht agus Iomarcaíocht.


  • Sláinte & Sábháilteacht san Ionad Oibre
    Tugann an chuid seo forbhreathnú ar Shláinte agus Shábháilteacht ag an ionad oibre. I measc na dtopaicí a chlúdaítear, tá Ráitis Sábháilteachta a ullmhú agus measúnaithe riosca a stiúradh, chomh maith le forbhreathnú ar an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005.


  • Dlí thrádála agus Rialachán
    Baineann an chuid seo le Cearta agus Cosaint Tomhaltóirí chomh maith le Comhaontaithe Trádála Idirnáisiúnta.


  • Ceadúnais agus rialacháin
    Breathnaíonn an roinn seo ar cuid de na riachtanais dleathúla agus rialaithe a chaithfear a chomhlíonadh i ngnónna ar leith san áireamh tá Baincéireacht, Árachas, Bróicéireacht agus Gníomhairí,Talmhaíocht, Iompar sula dtosaíonn an gnó.


  • Gnóthú Cumaisc agus Reachtaíocht Iomaíochta
    Breathnaíonn an chuid seo ar chuid de na cosaint atá curtha in áit a chuidíonn le timpeallacht chomórtasach a chothú agus go háirithe obair an Údaráis Iomaíochta, a bhfuil sé mar ról aige a chinntiú go bhfuil an próiséas comórtasach cosanta agus curtha chun cinn.


Séanadh   Príobháideachas
Level Double-A conformance icon, W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 ©Cóipcheart 2007 Gach ceart ar cosnamh.