BASIS: Business Access to State Information and Services An Irish eGovernment Initiative.
     
Abhaile Faoi BASIS Déan Teágmhail linn Aiseolais Naisc Mapa an tSuímh Nuashonraí


Chun cur síos a cheilt

Cánachas

Clúdaíonn an Teagmhas seo gnéithe cánachais a bhaineann le gnólacht a rith in Éirinn. San áireamh tá clárú le haghaidh cánach, Cáin Chorparáideach, an Custam agus Dleacht, Cáin Bhreisluacha (CBL), Dleacht Stampa/ Cáin Chaipitil, Deimhniú Imréitigh Cánach agus cánachas ar fhostaithe.



  • Clárú le haghaidh Cánach
    Pléitear sonraí ar an gcaoi le do ghnólacht a chlárú le haghaidh cuspóirí cánacha, chomh maith le hoibriú an chórais ÁSPC (Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa).


  • Cáin Fhostaithe
    Breathnaíonn an chuid seo ar chúrsaí cánacha d'fhostóirí, chomh maith le clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim, Sochar Comhchineáil, ÁSPC, scéimeanna dreasachtaí fostaíochta, agus iomarcaíocht.


  • Dleacht Stampa/ Cáin Chaipitil
    Soláthraíonn an chuid seo eolas ginearálta ar Dhleacht Stampa agus ar Cháin Chaipitil, chomh maith le sainmhíniúcháin, rátaí cánacha agus nósanna imeachta le leanúint.


  • Iniúchtaí Ioncaim agus Pionóis
    Déanann an chuid seo cur síos ar Iniúchtaí Ioncaim, an cruth a bhíonn orthu agus na critéir a úsáidtear chun cáiníocóirí a roghnú le haghaidh iniúchta. Leagtar amach na pionóis agus critéir ionchúisimh nuair atá neamhchomhlíonadh ann.


  • Tuairiscí Airgeadais
    Tá dualgais eagsúla ar chuideachaí faoi na hAchtanna um Chuideachtaí, 1963 go 2001 tuairisceáin a chur ós comhair CRO taobh istigh de theorainneacha ama faoi leith. Tá cur síos sa rannóg seo ar na príomhriachtanais tar éis corpruithe a thiteann ar chuideachtaí comh maith leis an gcóras a bhaineann le hathrú ainm a chlárú agus na riachtanais a bhaineann leis na tuairisceáin reachtúla is coitianta a dhéanamh.


  • Deimhniú Imréitigh Cánach
    Sa chuid seo, faightear amach faoin Deimhniú Imréitigh Cánach nuair atá gá leis agus tugtar forbhreathnú gairid ar an teidlíocht agus ar nósanna imeachta iontrála. Téitear i ngleic le saoráil faisnéise (FOI) agus an tionchar atá aige ar shólathar poiblí freisin.


  • Cáin Chorparáideach
    Soláthraíonn an chuid seo réamhrá ar an gcóras cánach do theidlíochtaí corparáideacha. Pléitear Cónaitheacht Corparáideach Éireannach freisin.


  • Custam agus Mál
    Cuireann an chuid seo síos ar chóras Custaim agus Dleachta na hÉireann, nósanna imeachta aicmithe táillí d'earraí inmhálaithe, Cáin ar Fheithiclí (VRT), agus topaicí cosúla san áireamh.


  • Réamhcháin
    Tháinig an Córas Féinmheasúnaithe i bhfeidhm le deileáil le daoine nach n-íocann a gcáin ioncaim ar fad faoin gcóras ÍMAT. Tá cur síos anseo ar an gcóras seo agus conas réamhcháin a íoc.


  • Seirbhísí Proifisiúnta ag Coinneáil Siar Cánach
    Tugann an chuid seo forbhreathnú ar chúrsaí a bhaineann le hasbhaint cánach ag an bhfoinse ó íocaíochtaí do "Sheirbhísí Proifisiúnta" déanta ag indibhidiúil agus comhlachtaí ag "daoine cuntasacha"


  • Cáin Ábhartha Conarthaí
    Tugtar réamhrá ginearálta anseo ar Cháin Ábhartha Conarthaí, chomh maith le hoibriú RCT agus na hearnálacha tionscail lena mbaineann sé.


  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
    Soláthraíonn an chuid seo achoimre ar CBL. Leagann sé amach tairsigh agus rátaí CBL, chomh maith le riachtanais coimeád taifead agus spriocdátaí le haghaidh íocaíochta.


Séanadh   Príobháideachas
Level Double-A conformance icon, W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 ©Cóipcheart 2007 Gach ceart ar cosnamh.